Niccolò Machiavelli
Údar agus polaiteoir Iodálach ab ea Niccolò Macchiavelli (3 Bealtaine 1469 - 21 Meitheamh 1527). Scríobh sé an leabhar Il Principe (An Prionsa) mar shaghas treoirleabhair do phrionsa Iodálach ar conas an stát a rialú. Tugann an tráchtas comhairle neamhscrupallach.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/Portrait_of_Niccol%C3%B2_Machiavelli_Cristofano_di_Papi_dell%27Altissimo.jpg/177px-Portrait_of_Niccol%C3%B2_Machiavelli_Cristofano_di_Papi_dell%27Altissimo.jpg)
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba dhlíodóir é a athair i gcathairstát Fhlórans. Níl mórán eolais againn faoina shaol go dtí go ndearnadh rúnaí agus Dara Seansailéir Fhlórans de i 1498. Lean sé sa phost sin go dtí 1512.
Seoladh ar mhisin go dtí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na cathairstáit Iodálacha eile é.
I 1512 d'fhill na Medici ar Fhlórans agus briseadh as a phost é. Cuireadh faoi ghlas agus céasadh é, roimh dhul go dtí a fheirm i San Casciano lena bhean chéile agus a seisear clainne, áit a dhírigh sé é féin ar an scríbhneoireacht agus an staidéar. Scríobh sé an leabhar An Prionsa ag an am seo. I 1520 bronnadh airgead air chun stair chathair Fhlórans a scríobh. Chríochnaigh sé an leabhar seo sa bhliain 1525.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d0/TheArtofWarMV.jpg/177px-TheArtofWarMV.jpg)
D'fhill sé ar an saol poiblí ar feadh tamaill roimh a bhás. Chomhoibrigh sé go dlúth leis na Medici agus an Pápa Cléimeans VII. Ach bhí fadhbanna aige nuair a fógraíodh poblacht i bhFlórans sa bhliain 1527. Thit sé tinn agus fuair sé bás (níl muid cinnte céard a tharla) go gairid ina dhiaidh sin, in,aois 58.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/31/Machiavel_Offices_Florence.jpg/220px-Machiavel_Offices_Florence.jpg)